Scoil Bhríde - Mionloch
hover where > for submenu
Tá Lúlú ina codladh
I leaba bheag bhuí,
Éirigh, a Lúlú,
A chara mo chroí.
Féach ar Neilí
Agus í ina suí,
Éirigh, a Lúlú,
Ná bí i do luí.
Tháinig sí chughainn
Anuas ó neamh.
Níl caint ná comhrá aici,
Rince ná rann,
Ach lámha beaga bána,
Mar bhlátha na gcrann.
Glaonn Mamaí 'a ghrá ' uirthi,
'A pheata' is 'a stór',
Is ní thabharfainnse mo bháibín
Ar mhála lán d'ór.
ag teacht ar scoil, ag teacht ar scoil.
Tá na leanaí ag teacht ar scoil,
ag teacht ar scoil anois.
Tá na páistí ag scipeáil thart,
ag scipeáil thart, ag scipeáil thart.
Tá na páistí ag scipeáil thart,
ag scipeáil thart anois.
Tá na gasúir ag ithe lóin,
ag ithe lóin, ag ithe lóin.
Tá na gasúir ag ithe lóin,
ag ithe lóin anois.
Tá muid ag dul abhaile,
ag dul abhaile, ag dul abhaile.
Tá muid ag dul abhaile,
ag dul abhaile anois.
agus d'ith mé leite.
Chuaigh mé ar scoil
agus d'ith mé ceapaire.
Chonaic mé torthaí
agus d'ith mé iad uile.
Chuaigh mé ag siúl
agus d'ith mé uachtar reoite.
Cheannaigh mé milseáin
agus d'ith mé gach rud sa mhála.
Ach anois céard faoi mo dhinnéar?
Mo bholg lán, beidh mam crosta!
M.Tonaí
Bhí ocras ar an éinín,
mar bhí sioc istigh sa chré.
Thug mé píosa aráin di,
San Nicolás, San Nicolás,
Thuas ar an teach.
Déan deifir, déan deifir,
Déan deifir isteach.
Oscail do mhála,
Do mhála mór lán,
Is líon suas mo stoca,
Le cúpla bréagán.
Tá an bháisteach ag titim,
Ag titim go trom.
Tá an bóthar faoi uisce,
Féach ar na lachain
Cleasaí beag rua,
Srón dhubh ghéar
sionnach
Eireaball deas fada.
Is maith leis cearc,
gé
Is ansa leis gé,
Bí aireach, a choiligh,
Mar gadaí glic é!
cearc, coileach
Tá na leanaí ag teacht ar scoil,
Is péist mé,
péist sa chré!
Téim ar dheis,
téim ar chlé!
Is péist mé,
i bhfolach sa chré.
Tabhair póg dom!
Tabhair póg dom!
Tabhair póg dom anois!
Ní maith liom!
Ní féidir liom!
Mar caithfidh mé rith!
M.Tonaí
D'éirigh mé ar maidin
Lá deas te agus an ghrian ag taitneamh
Gach uile duine lán le sásamh
Níl scamall ar bith thuas san aer
Thíos i mBóthar Na Trá tá muid go léir
Cén mhí é seo, an bhfuil sé Meitheamh?
Agus mise anseo ag luí ar an ngaineamh
Breathnaigh cé chomh gorm is atá an spéir
Is aoibhinn liom an aimsir seo, ó tá sé soiléir!
M.Tonaí
Chonaic mise spideog,
ar chúl an tí inné.
Oíche Shamhna
Spórt sa teach
Úlla is cnónna
Is báirín breac
Taibhsí gránna
deoch uisce agus min.
Bhí áthas ar an spideog,
agus chan sí port bog binn.
Ar an saol
Fanaígí
Istigh ón mbaol
Féach Daidí na Nollag.
Sin é, sin é.
Aon cheann amháin,
Dhá chois fé.
Cóta dearg air.
Hata bán.
Bréagáin deasa
Agus mála lán.
Chroith mé lámh leis,
Shuigh mé ar a ghlúin,
D'inis mé m'ainm dó,
Agus lig mé mo rún.
D'éist sé go geanúil,
Is nuair a sméid sé a cheann,
Bhí a fhios agam go cinnte
Go mbeadh bronntanas deas ann.
Tá an Nollaig buailte linn,
Tá áthas san aer.
Tá sneachta ar an talamh,
Tá réaltaí sa spéir.
Táimid ag dul a chodladh,
Is tá ár stocaí réidh.
Tá Daidí na Nollag ag teacht
Anuas an simléar.