Paidreacha - Prayers


 

Paidir chuig an Aingeal Coimhdeachta

A Aingil dhil Dé, cuir mé faoi do smacht, mar d'ordaigh Mac grámhar Dé ina reacht.

Seas le mo thaobh gach am den lá.

Soilsigh is cosain is seol mé slán.

Áiméan.

Glóir don Athair

Glóir don Athair,
Agus don Mhac,
Agus don Spiorad Naomh.
Mar a bhí ó thús,
Mar atá anois,
Mar a bheas go brách,
Le saol na saol.
Áiméan.

 

Sé do bheatha, a Mhuire

Sé do bheatha, a Mhuire,

atá lán de ghrásta,tá an Tiarna leat.

Is beannaithe thú idir na mná

agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.

A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé,

guigh orainn na peacaigh,

anois agus ar uair ár mbáis.

Áiméan.

Cráifeog Bhríde

A Naomh Bríd, cabhrigh linn

a bheith cineálta, cneasta,

cosúil leatsa.

Áiméan.